Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí ríogh agus baínrioghain annsin fad ó shoin,...”
(ar lean ón leathanach roimhe)goidé’n cineal athchuingne a d’iarrfad siad
Ach d’imthigh siad an lá amháin a rí agus a bháinríoghain ar siubhal, agus goidé rinn siad ach dearmad a dheánamh de’n
room a rabh ’n chaoithir ann a ghlasáil.
Nuair a fuair siadsan ar siubhal a t-athair agus a mhaithir d’fhosgail siad a room agus
fuair siad a chaoithir ins an room - caoithir phisreógach. "Anois," arsa siadsan, "tá ’n chaoithir aghainn agus iarrfaidh an uile dhuine aghainn
athchuingne ins a chaoithir". Agus shuidh a bhean
ba sine de na cailíní ins a chaoithir agus d’iarr sí athchuingne ar a chaoithir má bhí morbhailtí a’ bith inntí í mac a rí a bhí ins an áit a fhághail le pósadh - a theacht agus
go bpósfad sí é.
Chuaidh a bheirt eile annsin a gháiridhe agus a gháiridhe a deánamh go rachadh an bheirt sin(1) a chathamh sileóg oirthí ní h-é amháin a
h-iarraidh le pósadh, agus bhí leacht ar an am a bhí acú(2). "Seo," arsa sise leis a dara
bean, "suidh thusa ins a chaoithir agus iarr athchuingne". Shuidh a dara bean annsin ins(1) An bheirt fhear.
(2) bhí scéalaidheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)