Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhail bhí triúr deártharacha annsin fad ó shoin agus bhí 'n triúr 'n-a gcomhnuidhe ann an teach amháin,...”
(ar lean ón leathanach roimhe)3
3453 2
236
chéile, agus shiubhail siad lá agus bheirt, agus
triúr i gcuideachta chéile, agus ní rabh aon
dath a castáil leóbhtha, agus ní rabh obair
a’ bith le fághail aca
Be-gdó bhí siad a fás buaidheartha. Chuaidh
siad isteach i gcoill tráthnóna an tríomhadh
láth agus siubhail siad fríd a choill giota,
agus tháinic siad fhad le sean-obair a
bhí deánta ó’n t-síorruidheacht ins a choill.
agus chuaidh siad a d’amharc air, agus
fuair siad doras air, agus d’fhósgail
siad a doras agus bhí sé lán de phighneacha
ruadh go béal. Ní rabh an dath astoigh
ann, ach lán coppair uilig go léir-sighneacha
ruadh.
"Ó Mhaighdean Shíorruidhe!" arsa siadsan, "seo
neart airgid anois, agus bhéarfaimid linn
uallach ar ndroma de abhaile, agus
ar ndóiche ní thig linn a bheith a casaoidh.
Ná ná maise ní phillfidh mise abhaile."
arsa’n dara fear mar maithe le coppar
salach. "Tá rud ínteacht níos fhearr nó
sin i ndan dúinn," arsa seisean
Sheórt mionna (is dóiche ó Bi Gool)(leanann ar an chéad leathanach eile)