(ar lean ón leathanach roimhe)
bhreathna sí ar achaon taobh dhi agus ní ru
aon afarc aici le fáil urthe. Bhí fhios aici
insin go mbu dh éard a bhí ínnti bean sidhe.
Nuair a tháinic an fear abhaile trathnóna
chonnaic sé an fheóil agus d’fhiathra sé gá bhean
- "cé bhfuair tú an fheóil bhreá seo?" adeir sé.
"Is cuma dhuit," adeir sí, "ó Dhia na nGrást
cé bhfuíghe mise na rudaí seo," adeir sí, "ach
cath thusa é," adeir sí, "agus ith do dhóthain de, agus ná bac-
ach sé dhuit," adeir sí, "cé bhfuair mé í. Agus ní
theastuíonn an iomarca tuairisg uait chor a’ bith."
"Budh cheart duit é innseacht dom, muis,"
adeir sé.
"Muise go dimhin," adeir sí, "ní ínnseód, ach ith
agus ól do dhóthain di."
Bhí go math. Chua sé amach lárnamháireach,
agus a’ t-ám céanna ar maidin lárnamháireach
tháinic an Bhean Sidhe isteach ag iarra ias-
acht a’ phota urthe.
"Tiúra mé sin duit," adeir sí, "agus míle fáilte,
agus tuige nach dtiúrainn."
"Go ru math a’d," adeir an Bhean Sidhe.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.