Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0061](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0061.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0061
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d’fhiathra sé dhe cá ru sé a goil. Dúirt sé go
ru sé a’ tóruíocht oibre.
"Math go leór," adeir a’ feilméara. "Sin é mo
theach-sa insin," adeir sé, "agus tá fear oibre a’ tastáil
uaim, agus buailfe tú isteach," adeir sé. "Níl istigh ach
a’ cailín. Tá mé héin," adeir sé, "a goil ag imeacht
tamall gon oíche."
Bhuail Marcus isteach, agus ní mórán súbhail-
cis chor a’ bith a bhí ag a’ gcailín roimhe. Shuí
sé síos. D’fhiathra sí dhe cá ru sé a goil.
"Ó, tá mé tóicíthe," adeir sé, "ag obair ag fear
a’ tighe."
"Well," adeir sí, "má táir, ní bheidh tú sa
teach seo anocht."
"M’anam go mbeidhead," adeir Marcus, "ó
d’ourda fear a’ tighe dhom é."
"Tá mise rá leat nach mbeidh," adeir sí. "Bí
a goil amach!"
B'éigin go Mharcus a dhoil amach, agus bhí an
oíche ’sgréacha báistighe. Agus amach leis agus seas-
ann sé an-chúngarach gon teach, agus dúnadh an
dorus. Tháinic sé insin agus bhreathna sé isteach thríd(leanann ar an chéad leathanach eile)