Volume: CBÉ 0312

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0066

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    fuair sé an cáca istigh faoin drisiúr. Thug sé
    amach é, agus d’ith sé héin agus Marcus a Conuíoltha
    é. Agus nuair a bhí sé ithte agus ólta acab
    shuíodar síos chois na tine a’ córá. Ní mór-
    án achair gur chroch Marcus a Conuíoltha a lámh
    aríst.
    "Well, deir a lámh seo liom-sa," adeir sé, "go
    bhfuil a’ diabhal istigh."
    "Ó, ’sábhaile Dia sinn!" adeir a’ feilméara,
    "céard tá a’ teacht ort?"
    "Ó tá," adeir sé, "go cínnte. Ach anois," adeir
    sé, "fágh maide dhom-sa agus goha mé gon
    tseúmra," adeir sé, "agus cuirfe mé anuas a’ diabhal,
    agus bí thusa," adeir sé, "ar gárda, agus ar a bhfaca
    tú aríú," adeir sé, "na lig amach é, nó má lig-
    eann tú amach é tóir a pháigh dhó shul á n-
    imeó sé."
    787a. Chua an feilméara amach agus thug sé cois
    láidhe isteach ag Marcus a Conuíoltha, agus chua Mar-
    cus a Conuíoltha suas gon tseúmra. Agus bhí an
    buachaill istigh faoin leaba agus tharrain sé laisg
    gon mhaide agus bhuail sé treasna na n-easnach-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    27 Eanáir 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant