Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0299

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aige, agus dhá bhruith dhó, agus ní túisge bhíot sé bruithte
    ná bhíot sé ithte ag Cruchúr. Bhí Cruchúr sa
    gclúid agus é a’ méadú, a’ méadú i gcônuí, mar
    séard a bhí ánn gaisgíoch. Bhí mianach gaisgioch a’
    baint leis.
    A’ lá seo chua a mháthair go dtí an sean-
    dáll glic agus d’innis sí an sgéal dó: go ru sí a’
    tarraint anoir agus aniar ag a mac, agus ná ru
    sé i n-ánn aon bhlas mathas’ a dhiana, ach é
    sínte insin sa gclúid. "Agus sa deire," adeir
    sí, "tá mé ’cheapa nach mbeidh an teach sách fada
    chor a’ bith aige - tá sé a’ méadú chuile lá."
    "Well," adeir a’ sean-dall glic léithe, "teiri
    ’bhaile anois. Gach a bhfuil cruinníth’ anóis a’d,
    cuir a’ bruith dhó é, agus nuair a bheas sé ithte
    aige abair leis nach bhfuil tú héin i n-ánn
    aon bhlas fháil níos mó ná a chruinniú dhó."
    Rinne sí mar dúirt sé. Thug sí an
    méid a bhí cruinníth’ aici abhaile.
    "Well, a Chruchúir," adeir sí, "seo é an bia
    deireannach anois atá fáite a’d uaim-se."
    Nuair a dúirt sí an focal sin, dhiún blas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    22 Feabhra 1937–23 Feabhra 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0650A: Strong John
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir