Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0302](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0302.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0302
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)óg ag Cruchúr. Dhiún blas a rinne sé ach í chatha
uaidh agus breith ar a’ tsluasaid. Thosaigh sé ag ithe
gur ith sé a dhóthain as a’ bpota.
"Cath anuas maide anois á’m," adeir Cruchur,
"go dtéighe mé a’ seóla amach na beithí," adeir sé.
Chath sé anuas maide aige.
"Níl mórán máthasa sa maide sin," adeir Cruchúr.
Dhiún blas a rinne sé ach é bhrise ar a ghlúin. "Má
tá aon phíosa breágh go ghró iarainn, a dhuine uasail,
a’d," adeir sé, "cath anuas agam é."
Chua sé suas ar a lota agus chath sé anuas gró
iarainn. Dhiún blas a rinne Cruchúr ach a dhoil
amach agus na beithí a sheóladh amach, ach má sheól
héin níor bhuail sé aon bhuille gon ghró ortha.
Sheól sé leis iad go ndeacha sé cho fada la {!} garraí
na bhfathach. Bhreathna sé isteach thar a’ sgúnnsa
árd a bhí ánn, agus bhí féar aníos go dtí leath
a’ sgúnnsa.
"Á, muise, Dia á réiteach!" adeir Cruchúr, adeir sé,
"mara deas a’ chaoi is a’ chuma é," adeir sé, "- beithí
a’ fáil bháis leis an ocras inseo," adeir sé, "agus a’
féar breá seo istigh."(leanann ar an chéad leathanach eile)