(ar lean ón leathanach roimhe)
fuide a’ cuma bréag!" adeir sé, "a ruifínigh! ar
ndó níor innsi tú focal fírinne," adeir sé, -
"Ó," adeir mac a’ seanfhear, "tuige ar mhas-
la tú mé," adeir sé, "agus an chuid is fearr don
sgéal le n-innseacht fós ugum," adeir sé.
"A, beirigí air," adeir a’ rí, "agus caithigí is-
teach a’ fear sin," adeir sé, "agus sgaoiligí amach a’
seanfhear," adeir sé, "agus sgaoiligí abhaile é."
Rugú ar a’ sean-duine uasal agus cathú
isteach é, agus ní fhaca tú a leitheid ’o losga
breagh aríú mar fuair sé. Agus sgaoiliú an
seanfhear críon’ amach agus níor cuiriú aon [tóir]
air uaidh sin amach nó go bhfuair sé bás.
Gho siad-san a’ sruthán, gho mise an cos-
án. Bádhú iad-san, thainic mise slán. Níl
aon cheó dhá bhárr ugum-sa anois ach bróga
páipéir agus stocaí bainne reamhair. Is fadó
an lá iad sin caithte ugum. Agus sén áit
a bhfuil siad ’n-a gcónuí anois thiar i
gCornrú.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.