Volume: CBÉ 0312

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0410

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0410

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhacráil sé isteach a’ capall.
    "Go (gabh) taé’ thiar dhuíom," adúirt sé.
    Chua. Bhuail sí a lámh thimpull ar a mhuin-
    éal agus d’aithni sí go math nach duine saoltach
    a bhí ánn.
    "As ucht Dé ort!" adeir sí, "mara bhfága tú mise
    ag baile mar fuair tú mé."
    "Ná bíoch faitíos ort, " adeir sé.
    D’imi sé leis idir croc agus gleannta agus
    sléibhte nó gur thainic sé tuíov amu’ don phál-
    ás a ru Bainríon na Bruín’. Chua sí isteach
    agus nuair a chua bhí sí insin ’n-a shuí síos ar
    chathaoir ór.
    "Fáilte an Diabhail rót!" adeir sí, "céard a
    choinni tú?"
    "Crois Críost orainn!" adeir sí, "céard tá
    ort?"
    "A’ cuín leat an oíche," adeir sí, "ar bhris
    tú mo dhruim (dhrym) nuair a bhí mé a gul
    thimpull ar a' gcuinneóg?"
    "Ní cuín," adeir sí.
    "Din do ghnothaí anois," adeir sí, "cho mear is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    3 Márta 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant