Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfaraige insin - trí ráithe chuir sé air héin -
’sé sin go gcathfat sé imeacht le cladach
chuile mhaidin go bhfeiceat sé a’ bhfuíot sé
aon bhruth-fao-thír, agus aríst trathnóna; mar
is ar maidin go moch a bhíonns a’ bruth-
faoi-thír isteach i gcónuí nuair a bhíonns
sé ’n-a lán mhara. An maidin seo roimh
a bhricfeásta gho sé síos ag a’ bhfaraige, agus
chonnaic sé an curachán snámh a’ diana air.
Bhí iúmra na gcéata urthe agus gan ínti ach
aoin fhear amháin, agus nuair a tháinic sé i
dtír d’iúmpar sé suas an curaichín agus chuir
sé feiste lae agus blian’ urthe cho math is dhá
mbeat sí gan a bheith ánn ach aon lá amháin.
"Go mbeannuí Dia dhuit, a mhic rí nÉirinn,"
adeir sé le mac a’ rí.
"Dia is Muire dhuit," adeir mac rí nÉirinn,
"a Sgológ na Fíasóige Liaith," adeir sé, - ní rabh fhios
aige cén t-ainm eile a bhí air.
"A’ n-imreó tú cluife cártaí?" adeir a’
Sgológ.
"Imreód," adeir mac a’ rí, "níor chuir mé(leanann ar an chéad leathanach eile)