Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhin a’ ghaisg. Bhíodar a’ teacht as chuile cheard
faoin domhan agus níor bh’fhéidir a’ fear ceart a
dhiana amach. Ach sa deire nuair a bhí sé a’
gól ró-fhada dianú amach gur b’é mac rí na
Gearamáinte a dhin a’ ghaisg. Bhí sé héin is iníon
a’ rí le pósa an lá seo, agus bhí an bhanais le bheith
san oíche roimhe. Thug an rí cuire dho na daoine
a bhí ’bhfoisgeacht leath-chéad míle dho a theacht ag a’
mbanais. Agus thainic oíche an bhanais agus bhailíodar
as chuile áit ann. Dúirt Eóinín leis a’ bhfeilm-
éaraí go mbudh cheart dó héin a dhoil ánn, agus
dúirt a’ feilméaraí: "á, ’spriosáin! cá mbeitheá
a goil?"
Ach nuair a bhíodar imíthe ag a’ mbanais
d’imi Eóinín treasna agus thainic sé ag teach a’ rí.
Rec. 849a. An chéad áit a gho sé nuair a gho sé isteach
an áit a ru siad a’ dina suas an suipéar.
Casú (Casuv, uaireannta) cuide dho na buitléaraí
dho agus iad a goil amach le miasaí agus plátaí, agus
thug sé gualainn dhon chéad duine ucuv agus bhuail
sé anuas faoin tala na plátaí. Thainic sé suas
le buitléaraí eile agus dhin sé an rud céanna leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)