Imleabhar: CBÉ 0376

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0342

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0342

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a’ déunamh thárluithint ar a chéile ansan is ad’ bhóthar amáin a bhí ansan. Sin iad na bóithre do dhin Brian Bórú.
    Nuair a bhí ’n bóthar á dhéunamh siar trí
    Liospóil siar, Imileach, Baile ’n Ístínig is Baile ’n Ítig as san go dtí Daingean bhí Muiris, ghaibh sé trídh nuair a bhíodar á oibriú.
    "Geóig cóiste ansan fós", do rá’ Muiris, "ná beig aon chapall á tharrac".
    Sin a’ bhfuil lé déunamh agam ar Mhuiris.
    "Ach tá. Dubhairt sé go dtíocfach coga gan
    eagala fós i nÁrda Mór.
    agus do tháini’ sé agus fé mar dubhairt sé do bhíodar ag imeacht chuin na trá' a' teiche
    [bé sin 'Ambush' Liospóil 1920 nú 1921]
    Era do chloisinn na seandaoíne go leis. Is mnic a chloisin m-athair fhéin a’ chuir síos air.
    Ó bhí m-áthair níosa shine ná táim fhéin indiu nuair a chailleadh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    17 Meitheamh 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir