Imleabhar: CBÉ 0376
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0356](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0356.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0356
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus Baile na Saor (1) D’aistri’ sé anuas go dtí lár
Arda mór agus do thóg sé tithe ansan agus
dubhairt sé leis na cailíní na ba a chrú agus nuair
fuair sé na ba crúite do thug sé órdú é
thógaint síos agus do sgaoilfeach sé bainne na
mba leis an abhainn go mbaistfaí an abha
in a ainm féin agus tá Abha ’n Lúndrac [Lúndraig.] uirthe ó
shoin riamh.
Bhí sé ansan chuin cónaithe agus bhí fear i
n-uachtar Árda Mór agus ó Ribeárd a bhí an
talamh aige. Dónal Ó'Gráda b’eadh
é. Well bhí triúr mac aige, Seán, Tomás,
agus Séumas. Ní dhineach Seán aon obair in
aochorach ach ag imeacht agus a’ fiach do féin.
Lá do bhí an t-athair agus an beirt mhac eile ana-
ghnóthach a’ déunamh grafa chuin leasú dos na
prátaí, an chroiceann a bhuint do’n talamh
agus é trhiomú ar nós na móna agus é dho ansan
agus bin é ’n leasú.
Seadh do labhair a mháthair lé Seán.
"A Sheáin," ar sise - bhí chéuchta] nó [nua] déunta ’ge
agus theastuig bhuaig áirneach a chuir air - "A Sheáin,"
(1) i bpar na mineáirde.
(2) i bpar na í a Chineáird.(leanann ar an chéad leathanach eile)