Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha sin tobar beannuithe in Acaill acht níl mórán eólais agam acht ar trí cinn aca. An ceann atá í gCill Domhnaid, Acaill Beag agus Sliabh Mór. Sé an ceann is tabhachtaighe ná an ceann atá í gCill Domhnaid. Tugann daoine turas ar an d'tobar an chéad lá Bealtaine agus lá Muire Mór.
Téigheann siad thart ar an tobar agus deireann siad an Paidear, An Abhé agus an Glória seacht n-uaire gach turas. Baineann siad a gcuid stocaí díobh agus téigheann siad thart ar a nglúnaibh. Nuair a bhíonn siad réidh fágann siad píosa gruaige nó píosa dá gcuid éadaigh in a ndiaidh ag cárnán cloiche atá ós cionn an tobair.
Má bhíonn an duine tinn agus má bhíonn sé le bás d'fághail, tiocfaidh an t-iasg (breac geal) aníos agus tionnfaidh sé é féin agus tuitfidh sé go trom go bun an tobair. Muna mbéidh sé le bás d'fághail, ní stopfaidh sé acht ag snámh thart. Roimh éirge na gréine iseadh is cóir a dhul chuig an tobar. Tugann siad buidéal uisge abhaile leo agus cimligheann siad do'n té a bhíonn tinn é.
Tobar Naomh Domhnaid iseadh é agus tá lorg a ghlún ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghallóglaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Peigí Ní Ghallóglaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Mhaigh Eo