Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gadaidhe DubhBhí triúr gasúr ann fadó agus bhí leas-mhathair acu agus bhíodar in a gcomhnuidhe in aon teach amháin. Lá amháin chuaidh siad ag imirt cárdaí. Bhí dúil ag an t-sean bhean cleas imirt ar na gasúraibh ach "Ní mar shíltear bítear", níor bhuaidh sí ach cluiche amháin amach as naoi gcluichí. Bhí sé sa ghealamhaint dá bhfághadh an tsean bean cluiche amháin go gcaithfeadh na gasúir imtheacht go dtí fásach eicínt. B'in áit nár luighe duine ná beithidheach ná éan ariamh. Bhí teach mór san bhfásach agus capaill, daoine agus cloganna.Réitigh an tsean bhean na gasúir agus chuir sí ar a dturas iad. D'imthigh na gasúir leó go sásta. Bhíodar ag imtheacht leo ariamh nó gur casadh fear ortha b'é an "Gadaidhe Dubh" ainm an fhir a casadh ortha. D'fiafruigh sé díobhta cá raibh siad ag dul agus cé'rbh féin. D'innis na gasúir cá raibh siad ag dul agus dubhairt an gadaidhe leó nach rachadh siad go dtí an áit sin coidhche (go deo). Dubhairt an gadaidhe gur marbhuigheadh gach duine a thug iarracht dhul go dtí an teach a bhí sa bhfásach . Dubhairt an gadaidhe go rachadh sé leó agus d'aontuigh na gasúir leis. Bhí an ceathrar acu ag imtheacht leó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Nic An Mháighistir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo