Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt sí gur chaith sí an t-uisge amach san abhainn. Nuair a chuala an caiptín é sin bhí fhios aige céard a tárla. Rinne sé easgán dhó féin agus d'imthigh sé amach san abhainn faoi dhéin an ghasúir. Bhí an gasúr ag imtheacht ar theann a dichealla ach má bhí fhéin bhí an caiptín ag dul níos tapaidhe agus í gceann cúpla uair a cluig bhí an gasúr le bheith ceapadh ag an gcaiptín.Nuair a chonnaic an gasúr é a le bheith buailte rinne sé éan dhó féin agus d'árduigh sé san aer. Rinne an caiptín an cleas céadhna agus d'imthigheadar ar aghaidh leo. Bhí an caiptín ag bbuadhchaint go fóill ach chuimhnigh an gasúr ar cleas eile. Chonnaic sé go leór cearc thíos í ngarraidhe ag ite mine-buidhe. Síos leis agus rinne sé cearc do fhéin. Rinne an caiptín coilleach dhó féin agus gan mórán moille bhí ar an ngasúr teicheadh í bhfuirm éin aríst agus an caiptín 'na dhiaidh. Bhíodar ag imtheacht leó mar an gaoith Márta agus bhí an gasúr sáruighthe amach. Chonnaich sé bean thíos faoí ag cáthadh coirce agus cearca dá ithe. Síos leis an ngasúr agus rinne sé gráin coirce dhó fhéin. Rinne an caiptín cearc dó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padhruig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo