Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 163
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mór sneachta. I mí Feabhra bhí an tráthnona an-fhuar. I rith na h-oidhche thosuigh sé ag cur sneachta is stad níor rinne sé go raibh suas le ceithre troighthe in áiteacha, is inaice na claidhche bhí sé troighthe. D'fhan cuid de'n sneachta go lá Bealtaine acht mar fhan féin, bhí barra an mhaith aca an blían sin.Timcheall tríocha bliadhan o shion bhí blían an t-seaca mhór ann. Bhí dá troighthe leac oidhre ar na locha.San mbliadhan míle ocht gcéad tríocha is a naoí bhí Oidhche na Gaoithe Móire ann. Beidh cuimhne ag na daoine air go bráth. Séidh an gaoth siar an oidhche sin. Réabh an gaoth crainnte, leag sé tighthe, sguabh sé cruacha coirce is cruaca féar. Bhí na daoine ina sheasamh san doras ar eagla go tuitfidh na tighthe orra. Chuir siad clábar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Hannraoi Ó Maolfhábhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cárán Uachtarach, Co. Mhaigh Eo