Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 251](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0093%2FCBES_0093_251.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 251
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 251
- XML “Pluais an tSagairt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pluais an tSagairt.I bhfad ó shoin nuair a bhí na Dlighthe Pianamhla i n-a lán-neart i nÉirinn agus an tóir ar chléir na tíre bhí duine de na Gallachúbhair as Acaill in-a shagart suas amach an tír. Acht nuair a tháinig an tóir i gceart air b'éigean dó a pharáiste féin a fhágháil agus tarraingt siar ar Acaill, áit ar leag sé amach go bhfanfadh sé faoi choim go dtigeadh maolughadh ar ghéire na nDlighthe agus athrughadh ar an saoghal. Bhí dríotháir dó a bhí pósta ar mhnaoi as Tír an Áir in-a chomhnuidhthe i nDubh Each thiar in-iarthar Acla agus is ar an dríotháir seo a tharraing an sagart. Chuir sé sgéal roimhe chuig a dhríotháir go raibh sé le teacht agus bhí chuile nídh socruighthe ag an dríotháir nuair a tháinig an sagart. Shocruigh an dríotháir go bhfanfadh an sagart i bpluais a bhí ins na h-alltracha móra thiar ag fíor-iarthar Cheann Acla agus go dtiúbharfadh sé féin biadh agus aon nídh eile a bhéadh ag teastáil uaidh chuige. Bhí an sagart sásta leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Con Tuille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo