Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 239
- XML “Dia Linn”
- XML “Mallacht Phádraig”
- XML “An Cúldoras”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí mo shean - mháthair a' srófartail lá dá raibh mise sa láthair, agus dubhairt mé "Dia linn" ar nós duine, ach séard dubhairt sise, Dia linn agus thar mo cheann is thar mo cosa an te is mó leis beó mé? D'innis mé di gur cheap mé gurbh éard a bhí ann easgaine. Níor bhréagnaigh sí mé, ach dubhairt sí gur cupla sí dá radh go minic é.
- Deirtear thart annseo gurb é an t-úghdar go bhfuil barra na luachair bán, gur leag Naomh Pádraig a mhallacht ortha.Deirtear nár fhas an oiread is ceann amháin díobh ariamh ó shoin, nach mbeadh a bharr ban mara mbeadh ach orlach fhaid ann.
- Chuala mé go raibh fear eicínt tinn uair amháin.
Ní raibh biseach ar bith a' teachtair ach bhíodh sé caithte sa gclúid lá indiaidh lae. D'fan se mar sin ar feadh fiche bliadhain agus é chomh canntalach le dris casáin. Bí muinntir an tighe uilig faoi(leanann ar an chéad leathanach eile)