Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)

Suíomh:
An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
P. Mac Giolla Gaileng
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 258

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caurane
  2. XML Leathanach 258
  3. XML “Pluais an tSagairt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    phríosúnach é. Níor leag sé súil ar Acaill ní ba mhó mar cuireadh an dlighe air agus cuireadh thar sáile go deó é.
    Tug siad ceann an t-sagairt leo acht d'fág siad an cholann annsin ar an mbán ina ndiaidh. Ba cuma leo acht an cruthughadh a bheith aca.
    Amach faoi meadhon lae fuair muinntear na h-áite eolas ar gach ar tharla a tháinig siad gur thug siad an cholann leo agus gur cuir siad sa roilig beannuighthe é.
    O'n maidin sin ní raibh trácht na tuairisg ar bhean an dríothára san oileán acht amháin gur innis na saighdiúirí gurb ise a thug an t-eolas dóibh agus go bhfuair sí luach a saothair.
    Bhí beirt chlainne aicí agus bhíodh síad ar aimsire anonn 's anall ag muinntir an oileán gur fhás siad suas agus gur imtigh siad as an oileán ar fad ar "nos an tsortha.
    Tá an sgéal tuas i mbéal na ndaoine i n-iartar Acla go fóill acht go bhfuil athrughadh innseacht ag cuid aca air thar cuid eile act tá rud amháin ann a beireanns cruthughadh go bhfuil bun-úghdar na fírinne leis, sé sin gur "Pluais an t-Sagairt" ata ar an bpluais agus "Léim an t-Sagairt" ar an a raibh dúil ag an sagairt a shroichint nuair a léim se san sáile le imteacht ón dligh[e.]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Ceann Acla, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Micheál Mac Con Tuille
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo