Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bean Uí Fhaoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane (C.)
- XML Leathanach 322
- XML “Galar Aisteach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Galar Aisteach.Bi fear ann uair amháin agus bhí galar aisteac air. Ní raibh ribe gruaige ar a cheann. Do thuit na h-ionga dá mhéara. Bhí an feol ag tuitim dá chnámha. Bhí sé cráidht[e] de ló is d'oidhche. Do chuireadh sé fios ar a raibh de dochtúirí san áit acht ní raibh siad indon leigheas a fághail dó. Dubhradar nach raib a [?] leigheas i ndon dó acht é féin a folcadh i dtobar fola daoine óg.
Do chuir an fear na mílte daoin[e] ar fud na h-áite le na daoine óg [?] d'fághail. Ceapadh lá airithe le n-a marbhughadh. Lá uathbhásach do bheadh a[n] lá úd. Bhí na mílte daoine baili[ghthe] ann. Tháinig na máithreacha bocht[a?] ann. Bhíodar ar buile. Ba mhó[r] an truagh iad ag caoineadh ós ár[d](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Páraic de Róiste
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Trian Uí Bhrógáin, Co. Mhaigh Eo