Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bean Uí Fhaoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane (C.)
- XML Leathanach 353
- XML “Pota Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pota ÓirChuaidh bean amach tráthnóna amháin i gcoinne aprún móna. Líon sí suas an t-aprún le móin agus thug sí isteach go dtí an teach é. Nuair a bhí sí ag cur na móna ar an teinidh céard a leimfeadh amach as a h-aprún acht lochramán.
Rug sí air agus dubhair [!], A Chnabhaire, an ag goid mo chuid móna atá tú. Marbhóchaidh mé thú nó dóighfidh mé thú san teinidh. Thosuigh sé ag gol agus ag glaodach ar a athair agus ar a mháthair, acht ní leigfeadh sí amach é go dtáinig a athair agus a máthair, agus ní leigfeadh sí leis an athair nó leis an máthair é gur innis siad di an áit a raibh pota óir. Leig sí amach annsin é go buideach beannachta.- Faisnéiseoir
- Páraic Mac Niallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghairdín, Co. Mhaigh Eo