Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)

Suíomh:
Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádhraic Ó Reachtagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0097, Leathanach 651

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0097, Leathanach 651

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine)
  2. XML Leathanach 651
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    uaireannta tagann sneachta as. Nuair a shéídeann sé ón taobh ó dheas beidh báisteach againn. Sa bportach tagann sinneán mór gaoithe uaireannta mar bheadh sí ag imtheacht ina bhfáíne deirtear gur sídheóga a bíonn's ann.
    Nuair a thagann mór de lonnduibh le chéile ins na crainntibh sa thráthnóna deirtear gur báisteach a bhéas againn. Nuair a bhíonns na fainleóa ag eitilt go hárd ins an spéír deirtear gur aimsir breágh againn. Nuair a bhíonn siad ag eitilt an-ghar don talamh deirtear go mbeidh báisteach againn. Nuair a bhíonns na préácháín in a suidhe ar na ballaí deirtear gur báisteach a bhéas againn.
    Nuair a itheas an mada ag ithe féar deirtear gur báisteach a bheás againn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Reachtaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Bhile, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Ceallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Bhile, Co. Mhaigh Eo