Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar LeanamhaintNuair a aithruigheann an lisbín lacha a bhíonns buidhe go dubh ins an Samhradh deirtear gur báisteach a bhéas againn.Nuair a thagas ceo is comhartha go mbéidh báisteach againn ach uaireannta tagann sioc as. Nuair a eirigheann ceo an bhóthair deirtear go mbeidh báisteach againn.Nuair a bhíonn na cuileóga amuigh san tráthnóna ina sgataí móra deirtear gur báisteach a bheás againn. Nuair a bhíos na siongáin amuigh deirtear gur aimsir bhreágh a bheás againn mar ní bhíonn siad le feiceál ach nuair atá an aimsior bhreágh. Nuair a bhíonn pianta ar na seandaoine in a gcnámhaibh deireann siad go mbeidh báisteach againn. Nuair a bhíos na cearca ghá bpiochadh f(?) deirtear gur comhartha chun droch aimsir é.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Reachtaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Bhile, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Ceallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Bhile, Co. Mhaigh Eo