Scoil: Cuilleán

Suíomh:
An Coilleán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
León P. Mac Eachmharaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuilleán
  2. XML Leathanach 003
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nuair a bhíos ar faire i gCamghleann...

    Nuair a bhíos ar faire i gCamghleann i mí Márta chualas Bean Ní Róisde (sean bhean go raibh bun chíos na sean aice) ag déanamh eagairt i mbéarla do "THE YEAR OF THE ROTTEN TURF." Dubhairt sí liom gurbh é an bhliadhain (gcimhreadh) (?) 1860 - ie. b'éigean do mhuintir (?) na h-áite.

    "THE EYE"
    Poll uisce i Leabha (Leface) Snigheann an t-uisce tré pholl sa bhfalla atá i n-aice leis. "An tSúil" atá ag muinntir na gaedhealtachta air. Aistriúchán ón ngaedhilge atá annseo is dócha.
    "The Súil a tugtar ar cheann mar sin i gCill Chnuic.

    A BELT (?)
    Dubhairt Seosamh Ua Uigin O.S. liom go bhfuair a bhuachaill aimsire ceann i ndíog sa bhfeilm trí céad slat ó bhaile an Daingin sa bhliadhain 1933.

    THE HARVESTERS
    Is beag fear san áit seo nár chaith tráth da shaoghal i Sasana nó i n-America. Téigheann cuid aca go Sasana gach bliadhain go fóill i Mí Meithimh agus filleann siad i Mí na Nodlag. I Lincoln agus i Lancashire is mo a bhínns siad ag obair. Díoltar iad dá réir an méid oibre a dhéanas n-aghaidh na h-uaire.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge