Scoil: Craig Dhubh
- Suíomh:
- An Chreig, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Mac Giobúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Craig Dhubh
- XML Leathanach 436
- XML “Gadaí in Éadaí Mná”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-athair abhaile dinnis síad do fé gach rud a thárla, agus gur mharbuighea[dh] an gaduidhe. Bhi an- átas ar an t-athair. An oidhche sin bhí an- fhéasta acú, agus an fear a leagfadh sí súil air bhí cead aicí é a phósadh. Do chruinnigh slúag mór daoine agus cé leagfhadh sí súil air acht ar dearbhráthair an gaduidhe.Thug sé abaile í agus an oidhche sin do theasbain sé go leór seómraí dí. Do theasbain sé ceann dí a bhí lán de dhaoine marbh agus bhí ann an fear a mharbhuigh sí in aonfheacht leo. Agus ar seisean.
"Is gearr go mbéidh tú fhéin annsin freisin" Thug a mhátair a shuipéar dhó agus an fhad is a bhí sé gh'á ithe, do leig sí an chailín amach an fhuinneóg. Nuair a chúala sé go raibh sí imthighte do lean sé í acht casadh fear a bhí ag díol úbhla dá hathair agus thug sé abaile í. Ins an caoí seo ní bhfúair sé í.
Núair a thug sé abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annie Burke
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceapach Ghofraidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mrs Burke
- Inscne
- Baineann