Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 297
- XML “An tIasc Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-Iasc Mór.Bhí amadán ann uair amháin agus níor bhféidir leis aon obair a dhéanamh. Chaitheadh sé gach aon lá ag fiadhach coinín nó ag iasgaireacht i Loch Measga. Bhí slat breágh iasgaigh aige, agus is minic a ghabhadh sé bric mhóra ins an loch.
Lá amháin nuair a bhí sé ag iascaireacht ghabh sé bradán mór agus thug sé leis abhaile é agus bród an-mhór air. D'itheadar an bradán agus mholadar an t-iascaire go mór.
Cúpla lá 'na dhiaidh sin nuair do bhí an t-amadán ag dul ag iascaireacht arís casadh iascaire eile air, agus d'fhiafruigh dhe an raibh an bradán a ghabh sé an mhór.
"Ó," ars an t-amadán, "nuair tharraing mé amach as an uisce é do thuit an t-uisce troigh san loch."- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mhic an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Íomair, Co. Mhaigh Eo