Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 299
- XML “Na Féilte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buidéal uisge beatha ar an mbealach, agus cuirtear ar an mbord é. Tosuigheann siad ar an margadh annsin. Bíonn siad ag cainnt agus ag déanamh cleamhnais ar feadh tamaill maith. Moltar an cailín óg agus an spré atá aici. Moltar an fear óg freisin agus an teach mór áluinn, gan a bheith ag cainnt ar airgead san mbannc.Socruigheann said an margadh tar éis diospóireachta fada. Óltar deoch mar sláinte do na daoinibh óga. Tosuigheann siad ag ól tae ina dhiaidh sin. Annsin téighean siad abhaile go sona sásta ag fanamhaint lélé na bainfeise.
MÁIRT na hINIDESin é an lá deireannach chun pósta roimh an gCarghaos agus i mBaile-an-Róba bíonn na buachaillí óga ag craitheadh salainn ar na cailíní óga ion-phósta chun iad do choinneál slán go dtí an Cháisg. Bíonn féásta in gach teach an oidhche sin. Bíonn pancóga ins gach teach. Bíonn na daoine ag tabhairt slán le sodhluistí go deireadh an Charghaois.
OIDHCHE LAE 'le BHRÍGHDEAn chéad lá de Feabhra agus an chéad lá de'n Earrach sin é Lá Fhéile Bríghde.San am fadhó do bhíodh féasta in gach teach an oidhche sin. Do dhéanaidhís sórt dráma bhig in onóir do Naomh Brígid. Tógtaí duine mar Bríghid. Chuireadh " Bríghid " clocha uirthí agus théigheadh sí amach as an seomra. Thógadh sí beart luachra faoi na hascail. Bhuaileah sí ar an doras agus deireadh sí " Téighigidh ar bhur nglúnaih agus abraigidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mhic an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Íomair, Co. Mhaigh Eo