Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 312
- XML “Súgraí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na súgraí do bhíodh ag an aos óg fadó ná "An chloch ghlas",
"Ag cur an ártthaigh amach." "Bhí liom bí, nó ná bí," "Sníomh an Worsted",
Sa súgra sin "Sníomh an Worsted" ní bhíod aon Worsted acha acht ag leigm [?]
Chuirtí bean go dtí an margadh leis agus chuirtí bean eile in a diaidh ar eagla go mbainfeadh ain rud dí, nó go mbeadh sí ag cleasuíocht leis an airgead. Chuirfeadh duine a cheann amach agus dhéarfadh sé. "A chailín óig, an bhfuil tú ag teacht".
Annsin rachad duine amach d-aon-am ghá lorg. Ní fhacha tú ariamh a leithéid de theannta agus bhíodh ortha.
Seo dréacht do bhíodh aca agus gcluiche eile:-
"Dringide. Draingide
Ar chnámh do chruit-se
Taidhbse má thaidhbse.
Ladhra má lúdhra,
Bhfuil an gabh dubh annsin.
Tá sé amuigh annsin,
Dubhairt sé liom-sa
Dul 'dtí an ceárdcha.
Builg do sheidheadh.
Spící do dhéanamh.
Agus cúpla crúdh
A chur fé'n gcapall
Tá 'dul go cunga
le h-ualach bainne:
Teidhir-se síos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Laighnighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Odhar, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Íomair, Co. Mhaigh Eo