Scoil: Baile na nGarraidhthe (uimhir rolla 13618)
- Suíomh:
- Baile Mhic Fhearaígh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: T. Ó Tuairisc
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Bean fada a ' scuabadh an chaisleáin,
Gan scuab, gan craobh, gan cuaille, gan scothán?
Freagra = an ghaoth.
2. Ceathrar a' craith, ceathrar ag rith,
Beirt ag déanamh eolais, agus fear an ghiobhlacháin ag rith 'na dhiaidh?
Freagra = An bhó agus an roball.
3. Rud beag a bhí ag fás ar crainn,
Chonnaic beirt é, thóg cúigear é, chogain dáréag é agus leig duine amháin siar é?
Freagra = Ubhall.
4. Lan na páirce de ghamhnaib bana agus an gamhain dearg eatorra istigh?
Freagra = "na fiacla bána agus an teanga."
5. Céard é, gan dadha in a cheann acht deamhain agus díabhail?
Freagra = Feochadan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Droimne, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Choillearáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Cluain Ceann, Co. Mhaigh Eo