School: Gort Sceithe (roll number 13062)

Location:
Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Tomás Ó Cléirigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Sceithe
  2. XML Page 182
  3. XML “Saibhreas an tSeanduine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó shin agus is fadó a bhí. Bhí sé ag streacailt leis an tsaoghal agus ag obair an méad a bhí 'na chorp. B'fhada a bhean faoi'n bhfód ach bhí beirt mhac aige darbh ainm dóíbhthe Micheál agus Niall.
    Bhí Micheál ag obair i siopa sa bhaile mhór ach pé scéal é ní raibh aca ach ó'n láímh go dtí an béal. Is iomdha léanmhar a chuir Micheál agus a athair tharsta sa bhothán beag a bhí aca ag bun an chnuic. Ach d'aimhdheoin crúídheán (?) an tsaoghail bhí saoghal sona sásta aca le chéíle.
    Lá amháin bhuail an bheirt aca amach ag tochailt cloch le teach ghabhair a thógáil. Bhí siad ag obair ar a sean-dhícheall agus ba ghairid gur eirigh an sean-duine tuirseach. Shuidh sé síos le tobac a bheith aige cois claidhe.
    Lean an mac leis ag sáthadh leis an cróidhean. Am amháin nuair a sháith sé síos an cróídhean mhothuig sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cléirigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo