Scoil: Leath-cheathrú (uimhir rolla 13437)
- Suíomh:
- An Leithcheathrú, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Ó Maidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Pastaí do bhailigh"
(a) Má bhíonn an triuch ar dhuine agus go mbuaileann sé le fear ag marcaidheacht ar chapall bhán is cóir dó a rádh: " A fhir an eic bháin, Tabhair 'om leigheas don triuch".
Deirtear go leigheasann pé leigheas thugann sé, an duine tinn.(b)Uaireannta caithtear pinghin sa teine go dtí go mbíonn sé doighte go maith. Annsin cuirtear i bhfolach in éadaigh leabthan an duine tinn él Tosuigheann an duine breoidhte ag teacht chuige féin gan a thuile duadha.(c) Nuair bhionn tritheamh na treatha ar dhuine stadann ar reacht má cuirtear cloch no leac síos leastigh den léine.(d) Nó thagann aon triuch go dona ar dhuine má cuirtear iasg ina bhéal nuair seoltar é.(leanann ar an chéad leathanach eile)