Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 243
- XML “Na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Sidheóga
Is mó sgéal atá ann faoi sidheóga mar a leanas. Uair amháin do bhí fear ann, agus ní raibh san dteach ach é féin agus a mháthair. Oidhche amháin bhí sé amuigh go dtí a dhó dhéag a clog. Dob é Oidhche Shamhna a bhí ann agus bhí na sidheóga amuigh. Bhí sé ag dul tré na páirceanna agus chonnaic sé sean dún.
Chuaidh sé isteach agu sé go h-an uadarasach ar fad. Chonnaic sé banrioghan agus buidéal fíona in a lámh aici agus chuir sí fáilte mhór roimhe. "A Séan Ó Bhrian, tá cailín deas annseo agus chuirfeadh sí ionghadh ort tá sí comh áluinn sí." "Teasbaín dom í lé do thoil! arsa Séan. "Tá go maith" ar sise agus thóg sí isteach é chuig sean séomra. Annsin a chonnaic sé an chailín ba dheise dá bhfaca sé ariamh. D'eiteall siad leis go Sasana agus bhí siad leis an chailín do thabhairt leo. Tar éis tamaill bhí siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Níoláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Níoláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargain Mhór, Co. Mhaigh Eo