Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- De réir na péin-dlighthí san ochtadh aois déag ní raibh cead ag Caitilicigh aon scoil a bheith acú ná oideachas dá laghad. Bhí grádh a gcroidhe ag Gaedhil do'n léighinn i gcómhnaidhe. San dtráth seo féin bhí sgoileanna faoi cheilt acú ar a dtugadh scoileanna scairte.Bhí ceann de na scoileanna sin í Muc Rúadh agus ceann nó dó í í mBóthar-Salach. Thagadh páistí na gceanntar thart go dtí na scoileanna sin acht ní raibh ionnta acht sean sgioból. Á múineadh a bhíodh fear meadhon-aosta a bhí leígheanta. Síád na ceachtanna is mó a d'fhóghluim síad ná leígheamh, sgríobhadh, agus áireamh. Ar chlocha na páirce a shuidhfheadh na páistí lé scríobhadh a dhéanamh. Bhíódh cleite mór acú ina ionad pinn. Ó bhí na múinteóirí ag múineadh in aghaidh an dlíghe ní bhfuúáir síád a dtúarasdail ó'n ríaghaltas mar tá anois. Na páistí féin a d'íoc iad. Gach seachtmhain(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Éinrí
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Níoláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargain Mhór, Co. Mhaigh Eo