Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)

Suíomh:
An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
P. Ó Tóláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Páirc na Cille
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sidheóga
    Bhí fear ag teacht abhaile ó aonaigh oidhche amháin agus bhí sé ar meisge. Ar a bhealach abhaile chuala sé na sidheóga ag canntain. Bhíodar a radh “Dé Luain Dé Máirt, Dé Luain Dé Máirt” ar feadh tamall. Bhí an fear ag éisteacht agus “Dé Céadaoin” arsa an fhear. Bhí ionghnadh mhór ar na sidheóga agus thógadar isteach sa lios é. “Céard a dhéanfimíd leis an bhfear seo mar gheall ar an amhrán seo do (dheaman) dhéanadh dúinn” arsa na sidheoga. “Tóg an cruit dhe” arsa an ceann eile. Rinneadh amhlaidh, agus chuaidh sé abhaile chomh díreach lé slios. Bhí dearbhráthair aige go raibh cruit air freisin agus dubhairt sé leis dhul chuig na sidheóga chun é do bheith bainnte dhe.
    Cúpla oidhche in a dhiaidh sin chuaidh an dara fear agus chuala sé na sidheóga ag canntain “Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin,” “agus Déardaoin, Dé h-Aoine agus Dé Satharn” arsa an bhfear. D’éirigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Innéacs seanscéalta
    AT0503: The Gifts of the Little People
    Teanga
    Gaeilge