Scoil: Béal Easa (Buachaillí)

Suíomh:
Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
M. Ó Gábhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 18

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 18

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Easa (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 18
  3. XML “Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Prátaí.
    Níl acht feilmeacha beaga ag na daoine thart annseo sé sin mara leasainm feilm a thabhairt ar chúpla acra de thalamh thanuidhe clochach leacach. I dtús an earraigh a deintear an talamh do shaothrú i gcóir na bprátaí.
    Núair atá na fataí dá gcur i dtalamh bán déanann na feilméaraí iomairí acht má's i gcoinnleach a bhionn siad dá gcur déanann siad driollaí uaireannta. Thart annseo déantar driollaí dé ghnáthach, i gcoinnleach. Talamh fliuch atá thart timcheall na h-áite seo, agus mar sin iomairí is mó a bhíos ag na daoine.
    Na h-uirlisí. Sa gceanntar seo ní úsáidtear céachta mar níl ag na feilméaraí ach guirt bheaga. Siad na huirlisí is mó a úsáidtear ná an rámhán, an láighe agus an slúasadh. Ní déantar an méid úsáid as an láighe is a rinneadh fadó. I n-allód rinne an gabha sa gceanntar ná láigheanna acht anois tá siad lé cheannach 'sna siopaí. Déantar úsáid as uirlis eile, an t-síbhín [!], pollaí a dhéanamh i gcóir an t-shíl.
    An Síol. Ná mná de ghnáthach a ghearann an síol. Fágann síad súil i ngach sgiollán agus tugtar na sgiollóga do na muca. Cuirtear na sgiolláin i gcárnán agus uaireannta cuirtear aol orra chun iad a choimheadh úr agus tirim.
    Ag cur an tsíl, an aoileach nó an leasú.
    Déantar na pollaí lé stíbhín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge