Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 19](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_19.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 19
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)déirce agus thug sé sin dó.
“Gabh ’steach annseo,” arsa Cearbhall leis an duine bocht, “agus taisbeanfad an bhean is breághtha i nÉirinn dhuit.”
Chuaidh an duine bocht isteach go bhfaca sé an bhean óg agus nuair a chonaic, chraith sé a cheann. Níor labhair Cearbhall go ndeacha an duine bocht amach. Lean Cearbhall amach é.
“Cé’n fáth,” ar seisean leis an duine bocht, “ar chraith tú do cheann?”
“Tá fáth agam leis,” ars’ an duine bocht. “Tá sí thíos i gCúige Uladh an bhean is breághtha i nÉirinn—inghean tighearna.”
Chomh luath agus chuala Cearbhall sin d’imthigh leis agus níor stad gur shroich sé Cúige Uladh agus fuair sé an tighearna ag déanamh caisleáin mhóir de theach. Sul tháinig sé i láthair an tighearna ghléas Cearbhall é féin i gculaith saor cloiche agus cheannuigh ord agus liaghán. Annsin chuaidh agus d’iarr obair ar na caisleoiribh agus fuair obair uathu.
Bhí sé mall ar maidin agus d’iarr sé ar an máighistir céard a bhéadh sé dhéanamh an fhad a bhéidís ag a mbricfeasta. Dubhairt an máighistir leis a bheith ag déanamh cait agus dhá earball agus cait eile gan aon earball ar bith ar an mballa.
’Teacht dóbhtha bhí cat agus dhá earball déanta ag Cearbhall agus cat eile gan aon earball ar bith agus chuir sé iongnadh mór ar na fearaibh. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac An t Saoi
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo