Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith na mBannrach
- XML Leathanach 26
- XML “An Gorta Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
An Gorta Mór (ar lean)
“I mbliadhain 1845 do mhair na hÉireannaigh go léir ar fataí.”
(ar lean ón leathanach roimhe)tháinig an dubh ar na fataí ins an bhfóghmhar an bhliadhain céadna. Acht i mbliadhain 1846 tháinig rud nios measa ná sin, nuair a tháinig an galar ar na daoine, agus bhíodadar ag fágháil bháis ins na mílte, cois na claidheacha, ar na sléibhthe, agus í dtighthibh na bochta. Fuair leath de na daoine bás le h-ocras ins na bliadhna sin. Nuair a tháinig an dubh ar na fataí ní raibh na feilmeóirí lag na láidir indan an cíos a díol. Annsin do cuireadar as a gcuidh talamh agus as a dtighthib na daoine nár dhíol an cíos. D’imthigh a lán daoine as an tír na bliadhna sin agus cuaidheadar go dtí Meriocá.
Annsin fuair na daoine a bhí i Meriocá cheana féin fuair siad an galar ó na daoine a bhí ag dul siar, agus fuair a acú bás i Meriocá leis an ngalar freisin. Bhí na daoine ag fagháilt bháis agus in ionad an biadh do thabhairt do na daoine go raibh ocras ortha, cuireadar tar lear go tíortha eile iad. Annsin do chuir na Sasanaigh oibhreaca ar siubhal agus na daoine laga nach raibh ábalta obair a dhéanamh thugadar min bhuidhe dóbtha. Bhí na Protúnaigh ag tabhairt éadach, biadh, agus beagán airgid dóbhtha ar caoi go ndíolfadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonnmhaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Connmhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo