School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 176
- XML “Úna Ní Chuanaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Una Ní Chuanaigh1
Fan sa mbaile agus déan mo chomhairle
Ná rith an cúrsa atá i do cheann
'Seadh in Acaill bhí Úna Ní Chuanaigh
'Sí mharmhuigh an rón agus triúr dá clann2
Maidin Domhnaigh d'eirig Úna
Agus casadh an rón leithe ag béal an trágha
Thug sí dorn dó agus chuir sí ó siubhal é
Agus ní raibh in a cumhacht snámh.3
Tugadh suas é go Cnoc na Gaoithe
Chuig Mícheál Ó Giontaigh agus Nancy Mhór
Do cuireadh salann air i dtús an Gheimhridh
Agus nár mhaith an splíonán é faoi Nodlaig Mhór4
D'eirigh Donnchadh agus thug sé rúideog
Ó tóin na duithche go mbéal na trágha
Go ndubhairt sé - rinnigidh go cothrom é
Beidh ruball liom agus píosa in a lár5
Ó cuireadh na fatai i Béal Feirste
Ó bhain Seumaisín Joe Healy an mhóin
Agus Micí Joe Beag an tobacha,
Ní cheannochadh sé craiceann an rónFuair Pádraic O Dálaigh sin ón a mháthair - as Acaill í.- Collector
- Pádhraic O Dálaigh
- Gender
- Female