School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 233
- XML “An Inid”
- XML “Ag Tógáil Ime”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn an Inid ann ón 6adh lá d'Eanair go dtí an Cargas. Tugtar oidhche Inide ar an Máirt roimh Céadaoin a' Luaithrigh. Bíonn pus mór ar na cailíní nach bpósann an oidhche sin. Deirtear go mbíonn siad ag briseadh na potaí le feirg.
- Sgéal – Ag Tógáil ImeBhí bean ann fado agus bhí sé ba bhainne aice agus níor bfheidir leithe im a fhághail ó na cuid bainne agus an bhliadhain roimhe sin bhíodh an domhan d’im aici.Lá amháin tháinig fear isteac agus d’innis an bhean an sgéal dó. Dubhairt an fear lei an bainne a chur insan gcuinneoig agus annsin dhún an fear féin an doras agus thosuigh siad ag déanamh an maistreadh. Dubhairt sé annsin an chead bhean a thiocfadh go dtí an teach go mbeadh an t-im lei.Taréis tamall thainig bean go dtí an doras agus bhuail sí air acht dubhairt an bhean lei fanacht amuig. Greamuigheadh í ar an talamh le biorain agus diarr sí ar Dia í a leigint isteach. Leig bean a’ tighe isteac í ar deireadh agus chuir siad ag déanamh an maistreadh í. Ní raibh siad ábalta an loinithe a tharraingt as an gcuinneóig leis an méid ime a bhí ann. Is dóice go raibh an t-im lei.
- Collector
- Róise Ní Thachair
- Gender
- Female