School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 262
- XML “Seanchaisleáin”
- XML “Uaigheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean CaisleáinTá sean caisleán i Faithche ar a dtugtar Caisleán Gráinne Ní Maille. Ní hí Grainne a thóg an caisleán chor ar bith acht do bhain sí de fear dar a bh’ainm Mathgumhain.Deirtear go bhfuil bealac faoi an talamh on caisleán amac go dtí an fairrge agus déirtear chomh maith go bhfuil ór curtha faoi an caisleán agus go bhfuil athair nimhe ag tabhairt aire dó.Níl acht beagán den caisleáin in a seasamh anois acht tá an piosa sin 50 troigh ar aoirde. Bhí tuairim is 150 troigh cearnach talamh tógta suas leis an caisleán sin ar dtús.
- Collector
- Pádhraic O Dálaigh
- Gender
- Male
- UaigheannaTá uaigh i Cruachán ar an teorann idir Beannachor agus Baile Cruaidh agus tá fathach ar a dtugadh Domhnaill Dual Buidhe curtha ann. Tá carnán cloc ar an uaigh agus tá sé naoi troigh ar fhaid.Tá uaigh eile ar Corr Sliabh agus tá fear dar a b’ainm Dáithi Bán curtha ann. Robála do b’eadh Daithí agus bhí sé in a chomhnuidhe ar Corr Sliabh. Tháinig na saighdiúra ar a thóir agus léim sé ó barr na sléibhe síos go loc i “Comhraic” ar a dtugtar “Loc Dáithí Bháin”. Do marbuigheadh annsin é acht tugadh suas go dtí an sliabh aríst é agus do cuireadh annsin é.