Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 278
- XML “Brian Rua agus an Ciste Óir”
- XML “Seán agus an Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an tór i bfolach sa mbarra in Iorruis agus chuir. D’inis sé dá chuid náimhde go raibh an tór ann agus dubhairt sé leo da mba mhian leo ór agus airgead a bheith acu go raibh neart de le fághail acu sa mbarra. Dubhairt sé nach dtiocfadh leo é fhághail gan snámh chuige.Is iomdha duine a chuaidh ag snámh chuige agus níor éirigh le dhuine díobh teacht as ariamh acht fear amháin agus dob é an sgéal dinnis an fear sin ná nuair a chuaidh sé ag snámh go bhfaca sé pota mór óir acht go raibh péiste chomh mór le tarbh ghá fhaire. Is amhlaidh annsin gur shluig an péiste ‘chuile námhad a bhí ag Brian.
- Seán agus an Ciste ÓirBhí Rí fadó shoin ann darbh ainm Bruadar agus pósadh é. I ndiaidh tamall rugadh mac óg dó agus do bé an tainm a bhí air ná Seán. Acht fuair a mháthair bás agus phós an Rí an dara bean agus bhí beirt mhac aicesan.Sul a bhfuair máthair Sheain bás chuaidh sí chuig sean-dall-glic agus dubhairt leis draoidheacht a chur ar an Rí dá ndeanfadh sé aon rud mí-cheart ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ni Graith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Maire Bean Ui Ghraith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo