Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 326
- XML “Sagart na Cúile Báine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sagart na Cúille BáineThug mise ruaig go Tobar an Duaigh
Cugadh anuas le fánaidh
Go Condae na Midhe, go Loch Dearg na Naomh
Agus chugadh anuas Cruach Pádraig
Ar siubal mé go fóill níor chualas aon ceól
Ar eargán flúit ná cláirseach
Mar bhí i gCill Luinn i dteach Pobail Muigheó
Ag sagart na Cúille BaineGo Condae Muigheó ma théigheann tú go deó
Cuir faisnéis an t-aon Mhic Seoigeach
Feicfidh tú é ag teacht ort ins an ród
Mar bhéadh aingeal as Ríoghachta na Glóire
Aitris de rún dó, gur peacach tú anois agus gach ?
Ar uair ár mbáis i bflaitheas go bfáigidh muid
Sagart na Cúille BáineÉirigidh suas go dtéighidh muid chun siubhal
Go bfuighid muid siúd ón bPápa
Go bfuigid muid léas ar teach Phobail Mhuigheó
Do Sagart na Cúille Báine
Éirigidh suas go go dtéighid muid chun siubhal
Go bfuighidh muid Sagart na Cuille Báinne
A dimthigh aréir agus nach bfillfidh go héag
Agus atá i Loch Eirne báidhte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás O Gallcobair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraic O Muimneacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo