Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 341
- XML “Sean-Mhaigh Eo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an tEarrach imthigthe agus an Samradh i lathairAgus tá an bláth bán ar gach tom is gach craobhTá an féar is na duilleabhair tri huair fástaÓ d'fág mé céad slán ag Oileán na NaomhSé mo chroidhe atá craidthe agus a Dhia Cé'n tiongnadhFaoi bheith ibfad ó mo gaolta agus mo tír deas féinGo siorruidhe ag smaoineamh gach lá is gach oidhcheAr an Oilean is aoibne dá bfuil faoi'n ngréin
Is iomda bárd a rinne trácht ort
Is iomdha scoláire chur é i gcluí
Na go dtéighidh mé idtalamh idir corp is cnámha
Béid greann is gradam agam do shean Mhuigheo
Sí an conndae is deise í atá in Eirinn
Níl ar an tsaoghal seo aon áit is fearr
Is tú is léir dom gach áit da dteigimse
Céad beannacht Dé leat o bun go bárr
Níor sgal an grian is níor soillsigh aon realtaAr aon áit is féile na tú amháinIs a Mhuigheó milis agus a Conndae UasailTá ariamh inuachtar agus bhéas go brátachTá sé scríobhta le dubach san bioblaAgus tá sé mínithe ó'n altóir fíor Gur chaith Naomh Pádraic dhá fhichid lá agus dhá fhichid oidche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maigread Ni Gionnain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraig O Docartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo