Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 108
- XML “Ráithíní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- RaithíníBhí teach i dTúr Glas fadó agus bhí daoine ins an dteach a chomh maith. Bhí cúpla bó aca acht ar [?] bhó amháin aca bhí bórach. An oidhche seo bhí gamhain aici bhí sí n-aoinfheacht leis na ba eile. Acht an oidhche seo d'imthigh sí agus ní raibh fhios ag na daoine cá ndeachaidh sí.
Gach oidhche nuair a bhíodar in-a gcodhladh thigeadh an bhó isteach agus thugadh sí an bainne do'n ghamhain. Bheadh an gamhai[n] annsin an-reamhar gach maidin. Ní raibh fhios ag na daoine cá raibh ag fágháil an bidh.
Annsin an oidhche seo dubhairt siad nach d'feadhfadh siad a chodhladh ar chor ar bith agus go mbheadh siad réidh nuair a thiocfadh an bó isteach. Ar chuma ar bith tháinig sí isteach tríd an balla. Léim na daoine amach as an leabaidh agus rugadar ar an bhórach. Thairig an bhó iad go dtí an raithín acht ní raibh sí indon dul níos fuaide. Thugadar abhaile í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Catháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chorrchloch, Co. Mhaigh Eo