Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim céad bliadhan ó shion a rinneadh an bóthar anuas o Gleann-na-Muidhe go Port-an-Chlóidh. Fear dar-b'ainm dó Séan Ó Máille abí i mbun na hoibre. Tugadh bóthar Sheáin Uí Mháille mar ainm air ó shion. An bhliadhan indiaidh bóthair Shéain Uí Mháille a dhéanamh rinneadh bóthar aniar ó Ghreannaigh go Porturlainn. Bóthar h-Éagartaigh (?) atá mar ainm ar an mbóthar sin. Roimhe sin muinntir na h-áite seo nuair abhíodh siad ag dul go Béal-an-Mhuirthid caithfeadh siad an bogach a threasnadh. Ní dhearnadh aon droichead ag Muingnabó agus bhíodh ar na daoine dul treasna an átha. Ba dhainséarach an rud é seo a dhéanamh in am tuile mar is abhainn mhór í Abhainn Mhuingnabó agus bhí taoide ó'n bhfairrge ghá méadughadh. Lá amháin nuair abhí tuile san abhainn bhí bean uasal Annie Brady ghá threasnaighadh ar chárr(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann