Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl san áit seo anois ach an t-aon cheardtha amháín agus tá sí an-fhada uainne annseo. Ar an Inbhear atá sé. Ach fiche bliadhan ó shion bhí ceardcha eile ann chomh maith - ag muinntir Raighilligh (?) i gCnoc na Lobhar. Fuair siad sin bás agus ní rabh aoinne dá sliocht ann leis an gceardchain a chongbháil ar siubhail. Ag muinntir Mhaol Allaigh atá an cheardcha ar an Inbhear agus tá sé suidhte taobh le sruthan. Tá an cheird sa gclainn le sinnsearacht. Tá beirt aca ann anois. Tugtar an Sean Ghabha agus Séamus an Ghabha ortha - An t-athair agus an mac. Ní oibrigheann an sean-gabha anois. Níl ach teaghlach amháin agus builg dó sin, inneón agus casúr ord agus pinsúir agus gléasannaí beaga eile sa gceardchain aige. Sa mbaile a rinneadh na builg as croiceann caorach. Doras beag agus ceann - stáin atá ar an gceardchain. Cuireann an gaba cruidhte faoi capaill agus faoi asail agus déanann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann