Scoil: Port Urlainn

Suíomh:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port Urlainn
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa mbliadhan 1845 dhubhaigh na fataí ins na poill, agus an bhliadhan ina dhiaidh sin thuit an dubhachán i mí an Mheitheimh agus sa mbliadhan 1847 bhí na daoine ag fághail bháis leis an ocras. Ní bhfuair mórán bás thart annseo mar bhí iasg le n-ithe aca ach in áiteacha eile bhíodar ag fághail bháis ar thaoibh an bhóthair agus ins na páirceanna. Bhíodar ag ithe an féir le neart ocrais. Nír abh mórán coirce curtha aca ach an méid abhí b'éigin dóibh é a dhíol agus an t-airgead a thabhairt do'n Tighearna Talmhan nó chuirfeadh séas teach agus talmhan iad. In 1847 d'fás na bachlóga ar na póiríní ach níor chuir mórán iad. An t-é a churi bhí bár maith aige. Bhí suas le 9,000,000 duine in Eirinn in 1847 agus dhá bhliadhan ina dhiaidh sin ní rabh ach 4,500,100 duine. Thog siad teach thair ag an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge