School: Glenamoy (roll number 13882)

Location:
Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Séamus Ó Beoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Glenamoy
  2. XML Page 325
  3. XML “Muileann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall dhá scór bliadhain ó shoin. Bhí muileann thuas in-aice le Beannchar. Bhí obair mhó ar siubhal ann. Ag reamhrú éadaigh i gcóir cótaó móra a bhí síad. Ag daoine dar b'ainm Nearacha a bhí an muileann. Bhí na daoine uilig in Iorrus ag ceannacht uatha. Bhí na daoine thar timcheall na h-áite sin ag obair ann. Bhí daoine eile le fághail agus ní raibh meas ar bith aca ar an éadach sin. Bhí síad ag coinneál suas fear eile le'n a cheird. Sin é an figheadóir a bhí aca. Bhí ceann aca in a comhnuidhe ag an Droichead uair amhain dar b'ainm Micheál MacGhearraidh agus fear eile i mbaile Mhuilinn dar b'ainm Tomás Ó Móráin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Gearraidh
    Gender
    Male
    Address
    Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
    Informant
    Seán Mac Gearraidh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo