Scoil: Glenamoy (uimhir rolla 13882)

Suíomh:
Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Beoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 346

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 346

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glenamoy
  2. XML Leathanach 346
  3. XML “Bun na hAibhne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá mé i mo chómhnaidhe i mBun na hAibhne. Tá naoi tighthe ann. Roimhe seo bhí 12 acú ann. Bhí sagart i na chomhnaidhe i mBun na h-Aibhne. Bhí Árus do na gárrdaí ann freisin. Ar chúl an bhaile tá abha Gleann na Muidhe ag rith le fanaide chun na fairrge. Thimcheall míle taobh thiar de'n abha seo tá bothar ar a dtugtar "Bothar na Mine." Tugadh an t-ainm sin air fadó nuair a bhí an bothar sin dá dhéanamh, mar sé an páíghe a bhí na fir oibre ag fagháíl an uair seo na "cloch mine" in aghaidh na seachtmhaine. Tá cnoc beag ar an mbothar seo ar a dtugtar "Cnuc a Cheip," mar fásann go leor ceipe faoi an bhothair san áit seo.
    Tá poll i n-abhann Gleann-na Muidhe ar a dtugtar "Spireog." Tugadh an t-ainm sin air mar bhí duine uasail dar b'ainm do "Spireog" in a chomhnaidhe i mBun na h-Aibhne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Béal an Ghoile Thuaidh, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Caoimhín Ó Beodhláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Antoine Ó hÉilighe
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal an Ghoile Thuaidh, Co. Mhaigh Eo